Ról an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta

Is é an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta (an tÚdarás) eagraíocht náisiúnta na hÉireann atá freagrach as sláinte agus sábháilteacht ag an obair a chinntiú.   Eagraíocht stát-urraithe is ea é a bunaíodh faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair agus déanann sé tuairisciú chuig an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta.

Tá freagracht foriomlán ar an Údarás maidir le riaradh agus forfheidhmiú sláinte agus sábháilteacht ag an obair in Éirinn.  Bíonn monatóireacht ar siúl ag an Údarás chun a chinntiú go gcomhlíontar an reachtaíocht san ionad oibre agus is féidir leis gníomhartha forfeidhmithe, agus fiú ionchúisimh, a dhéanamh. 

Is lárionad faisnéise muid d’fhostóirí, fostaithe agus daoine féinfhostaithe faoi gach rud a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre.   Cuireann an tÚdarás cúrsaí oideachais, oiliúna agus taighde chun cinn maidir le sláinte agus sábháilteacht.

Baineann réimse leathan gníomhaíochtaí lenár réimse freagrachta, lena n-áirítear:

  • Deachleachtais maidir le sláinte agus sábháilteachta ag obair a chur chun cinn;
  • gach ionad oibre a imscrúdú agus monatóireacht a dhéanamh ar ghéilliúlacht le dlíthe sláinte agus sábháilteachta;
  • imscrúdú a dhéanamh ar thimpistí tromchúiseacha, cúiseanna drochshláinte agus gearáin;
  • taighde a dhéanamh ar shláinte agus sábháilteacht ag obair agus urraíocht ar dhéanamh ar a leithéid de thaighde.
  • cóid chleachtais, treoracha agus doiciméid faisnéis a fhorbairt agus a fhoilsiú;
  • seirbhís faisnéise a chur ar fáil le linn uaireanta oifige;
  • dlíthe agus caighdeáin nua maidir le sláinte agus sábháilteacht ag obair a fhorbairt.

Bíonn próiseas forleathan comhairliúcháin ar siúl i gcónaí le fostóirí, fostaithe agus lena n-eagraíochtaí ós rud é go bhfuil gach aon duine freagrach as sábháilteacht.   Oibríonn an tÚdarás i gcomhar le Coistí Comhairleacha agus Tascfhórsaí a dhíríonn ar shlite beatha agus ar ghuaiseacha faoi leith chun beartais fhónta agus deachleachtais a cheapadh don ionad oibre.

Glaoigh ar uimhir 1890 289389 más mian leat rudaí a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre a phlé le hionadaí de chuid an Údaráis.